Óraid an Seanadóir Brian Ó Domhnaill anocht ar diospóireacht ar an athló sa Seanad.

“ Ag Iarraidh ar an tAire Gaeltachta a chinntiú gó mbeidh an deontas de E1.2m ata curtha ar fail ag Forás na Gaeilge do “nuachtain seachtainiúil gaelige arlíne” oscailte do iarratasóirí a bheadh sastá leagan clótithe den nuachtán a chuir ar fail do phobal na Gaeilge chomh maith”

Is cosúil go bhfuil fógra ó Fhoras na Gaeilge sna nuachtáin náisiúnta amárach ag lorg iarratais ó dhreamanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, agus é ráite sa bhfógra gur nuachtán leictreonach ar líne, atá i gceist agus nach bhfuil sé riachtanach leagan clóite a chur ar fáil don nuachtán.  Is coúil gur socraíodh gur uachtán leictreonach ar line amháin a bheadh sa nuachtán nua seachtainiúil, le deontas €1.2 milliún ar feadh 4 bliana.

Níl an socrú seo ag tíocht le torthaí ón bpróiséas comhairliúcháin a reachtáil Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana.  Léirigh an suibhé a reachtáil an Foras faoin gceist nach raiibh ach 21% ag iarraidh gur ‘foilseachán nuachta leictreonach ar fáil ar líne amháin’ a bheadh ann. Bhí 51% ag iarraidh nuachtáin chlóite de chineál éicint agus bhí 24% ag iarraidh meascán den dá rud. Tá sé tábhachtach go mbeadh ar Foras na Gaeilge aird a thabhairt ar mhianta pobal na Gaeilge. Is le freastal ar phobal na Gaeilge atá an Foras ann agus níor cheart an t-airgead poiblí a chaitheamh ar thionscnamh nach bhfuil ach mionlach beag á iarraidh.

Níl cúis ar bith nach bhféadfadh an nuachtán seachtainiúil Gaeilge an dá thrá a fhreastal: leagan ar líne do dhaoine ar fearr leo nuachtán a léamh ar líne agus leagan nuachtán clóite, dóibh siúd (i) nach bhfuil cleachtadh acu ar ríomhairí, (ii) nach bhfuil tíocht acu ar banda leathan sa mbaile agus (iii) ar fearr leo nuachtán a bheith ina láimh seachas ar scáileán.

Is fadhb é gur laghdaigh an Foras an méid airgead a bheadh ar fáil don tionscnamh ó €400,000 go €300,000 in aghaidh na bliana agus glactar leis gur sa gcomhthéacs sin atá an Foras ag smaoineamh ar nuachtán ar líne amháin. Le go mbeadh leagan clóite ar fáil, b’fhéidir go dteastódh ón bhForas breis airgid a chur isteach sa tionscnamh, sa gcaoi is go mbeadh an foilsitheoir in ann leagan clóite a chur ar fáil chomh maith.

Séard atá ráite ar lth. 26 den Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge faoin teideal ‘Léamh, Scríobh agus Labhairt’ go bhfuil sé ‘riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar ábhar chlóite i nGaeilge i siopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar an idirlíon má tá todhchaí le bheith ann do litríocht agus d’iriseoireacht chlóite’. Deirtear chomh maith sa Stráitéis nach mór ‘modhanna traidisiúnta agus nuálacha  a úsáid chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a léamh agus a scríobh, lena n-áirítear táirgeadh meán clóite…..’. Nuachtán Ghaeilge ar an idirlíon amháin mar sin – ní bheadh sé ag tíocht leis an méid a leagadh síos sa Stráitéis.

Le beagnach bliain anuas tá pobal na Gaeilge gan nuachtán seachtainiúl don chéad uair le 40 bliain. Ta sé tábhachtach go gcuirfí an nuachtán ar fáil aríst le go mbeidh sé mar nasc cumarsáide idir pobal na Gaeilge, cuma cén áit ina bhfuil siad lonnaithe. Beidh an nuachtán ar line íontach do lucht na Gaeilge atá ar imirce agus dona daoine óga a bhfuil cleachtadh acu ar nuachtáin a léamh ar líne ach más ar líne amháin a bhéas sé, gearrfadh sé amach cuid mhaith léitheoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus gearrfaidh sé amach cuid dena léitheoirí is dílse a bhí ag nuachtán Ghaeilge do nuige seo, daoine os cionn an leathchéad.

Tá se tábhachtach mar sin go n-iarrfaí ar Foras na Gaeilge a chinntiú go leagfar amach próiséas leis an gconradh foilsitheoireachta a bhronnadh, a thabharfaidh tús áite do iarratasóirí a bheadh sásta leagan clóite den nuachtán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, chomh maith leis an leagan leictreonach ar líne, mar  gur ar an gcaoi sin a bfhearr a fhéadfaí an lucht léite is mó a mhealladh agus ar an gcaoi sin is fearr a fhéadfaí nasc láidir a chothú idir pobail uilig na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, thuaidh agus theas, sa mbaile agus thar lear, idir óg is aosta.

Dála an scéil, thug Foras na Gaeilge le fios do thuairisceoirí nach raibh an tuarascáil ón bpróiséas comhairliúchán feicithe ag Bord an Fhorais, sara deineadh an cinneadh an deontas a chur ar fáil do Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge ar Líne, gan aon riachtanas faoi leagan clóite a chur ar fáil. Más fíor nach raibh na torthaí ón bpróiséas comhairleachán fáighte roimhré ag baill Bhord an Fhorais, ardaíonn sé roinnt ceisteanna: (i) cén fáth ar cuireadh an próiséas comhairleacháin ar bun mura raibh sé ceapaithe a bheith curtha san áireamh ag an mbord agus an cinneadh á dhéanamh; (ii) cén fáth ar deineadh an cinneadh gan an Bord a chuir ar an eolas nach raibh an cinneadh a deineadh ag tíocht le torthaí an phróiséas comhairleacháin agus (iii) nár cheart do Bhord an Fhorais aithbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh i bhfianaise na dtorthaí ón bpróiséas comhairleacháin.

Mar sin ta me anocht, ag lorg ar an tAire Gaeltachta a chinntiú gó mbeidh an deontas de E1.2m ata curtha ar fail ag Forás na Gaeilge do nuachtain seachtainiúil gaelige arlíne oscailte do iarratasóirí a bheadh sastá leagan clótithe den nuachtán a chuir ar fail do phobal na Gaeilge chomh maith.

Posted: Dec 11, 2013     |     Categories: Uncategorized